Ár Scéal

If you would like to read about Brian de Staic Jewellers in the native language of Ireland - Gaeilge, take a look below!

 

Tá a lán seoda luachmhara ar fáil i síopaí Bhriain de Staic ach 'sí an tseoid is luachmhaire atá againn ná an Ghaolainn

 

 

 

Bunaíodh Seodóireacht Bhriain de Staic Teoranta i 1981. Briain agus Máiréad a bhunaigh an comhlacht.
Tá an gnó ag dul ó neart go neart. Tá 15 duine fostaithe, 1 Chomhlucht , 3 Siopa agus suíomh idirlíon den scoth.
Piocadh an suíomh idirlíon Brian de Staic ar ceann des na 25 suíomh idirlíon is fearr sa domhan do sheodóireacht lámhdhéanta.
Tá Comhlucht Bhriain de Staic os coinn 41 bliain i mbun ghnó sa Ghaelacht i gCorca Dhuibhne.
Is mór le Briain agus Máiréad iad san go léir a dheineann a ngnó tré Ghaeilge. Is féidir leis an gcustaiméir an teanga Gaeilge a usáid sa cheardlann agus sna siopaí in atmaisféar cairdiúil taitneamhach.
Usáidtaí Gaeilge i ngach gné den mhargaíocht ón gcéad lá. Ag féachaint siar anois táimid cinnte gur chabhraigh úsáid na Gaeilge linn seasamh amach ón slua.
Rud tábhachtacn is ea an t-idirdhealú sa mhargaíocht.
Níor tharla sé d’aon ghnó ach is léir gur leas don ghnó ab ea an Ghaeilge agus an dátheangachas.
Chabhraigh usáid na Gaeilge le brandáil agus le suí a aimsiú sa mhargadh. Usáidear Gaelainn ar na táigí, na bailiúcháin seodra, na boscaí agus na gcomharthaí go léir.
Tá na fostaithe go léir traeineáilte ag Briain de Staic féin.
Tuigeann Briain an tábhacht a bhaineann le traenáil agus aththraenáil mar go bhfeiceann sé na hinfheistíochta : Foireann oilte le scilleanna ar leith.

Scéal an Oghaim

Croílár seodra Bhriain de Staic is ea scéalta , clocha agus stair Ceilteach Leithinis Chorca Dhuibne.
Bain súp as an fís téip a mhíníonn ceardaíocht Bhriain.
GABHNA ÓIR NA hÉIREANN
Tá gach aon phíosa seodra lámhdhéanta le grá.
Seodra aon uaire is ea gach aon phíosa a dhéanann Brian de Staic, Gabha Óir na hÉireann.
Tá i bhfad níos mó ná seodra i gceist, shaothair ealaíne is ea é.
Ogham
Tagann an t-ainm Ogham ó Ogham ceann de sheandéithe Págánacha na nGael. B’e Dia na deaslabhra é agus cuirtear ina leith gurb é a chum an t-Ogham.
Faobhar an ghalláin a úsáidtí mar bhonnlíne don Ogham.
Thosaigh an scribhinn ag bun an ghalláin agus lean suas uirthi go barra.
Tá tuairim is 70 Oghamchloch ar fad scaipithe ar fud Chorca Dhuibhne. Fuarthas 300 acu in Éirinn go hiomlán.
Scribhinn foghraíochta is ea Ogham agus mar sin is féidir aon ainm a scríobh, is cuma cad é. Is féidir linn d’ainm a scríobh ar phíosa seodra lámhdhéanta as ór 10k, 14k nó 18k nó airgead.
Tá seodra eile lámhdhéanta ar fáil sa tsiopa leis.
Tá fáilte roimh an cuairteoir teacht agus féachaint ar an obair seo sa Cheardlann suite ar chladaigh an Aigéin Atlantaigh, Bá an Daingin.
Bronnadh Seodra Bhriain de Staic ar an bhPapa Eoin Pól 11,
Uachtaráin na hÉireann: Máire Mhic Róibín, Máire Mhic Ghiolla Íosa agus Micheál D Ó hUigínn.
Úachtaráin Mheiriceá: Bill Clinton and George Bush.
Taoisigh na hÉireann: Charles Haughey, Bertie Aherne & Enda Kenny,

Tá alán réaltaí scannáin i measc custaiméirí de Staic:

Tom Cruise, Julia Roberts, Johnny Depp, Nicole Kidman, Maureen O Hara, Ellen Barkin, Gabriel Byrne, Scot Wilson, Paul Newman, Laura Dern Cecilia Peck & Saoirse Ronan,